Synopsis
Siún ag labhairt lena hathair faoi chúrsaí an tsaoil. Siún chats with her Dad about life.
Episodes
-
Áilleacht na Timpeallachta agus Fiaghabhair le Fána! Comhrá le Dara Ó Cinnéide
01/04/2021 Duration: 27minComhrá thar a bheith taitneamhach leis an gcraoltóir raidió agus teilifíse Dara Ó Cinnéide.
-
Athléimneachas & meabharshláinte. Plé leis an Dr Séamus Ó Ceallaigh
26/03/2021 Duration: 41minIs léachtóir sinsearach cliniciúil síciatrach i gColáiste na Trionóide é an Dr Séamus Ó Ceallaigh. Sa phlé leathan seo ar chúrsaí meabharshláinte, dheineamar scagadh ar an tábhacht a bhaineann le corp folláin, an Stócas, alcól agus na céimeanna le tógaint má tá amhras ar dhuine faoina meabharshláinte féin.
-
Cairde, clann, comhluadar grámhar. Nell Ní Chróinín
13/03/2021 Duration: 36minAmhránaí & múinteoir í Nell a bhíonn ag canadh ag féiltí ar fud an domhain. As Béal Átha’n Ghaorthaidh i Múscraí, bhuaidh sí Corn Uí Riada i 2014 agus tá sí ag spreagadh daoine lena dea-shampla ceolmhar ó shin.
-
Peadar Ó Riada - Pobal, Spioradáltacht, Nádúr & Cruthaitheacht
24/02/2021 Duration: 36minIs cumadaóir, scríbhneoir agus craoltóir é Peadar atá ina chónaí i gCúil Aodha. Stiúraíonn sé Cór Chúil Aodha gach Domhnach agus bíonn a chlár ‘Cuireadh Chun Ceoil’ ar RnaG oíche Dé hAoine. Bainigí taitneamh as an gcomhrá doimhin seo ar an dtábhacht a bhaineann le pobal, an nádúr, spioradáltacht agus cruthaitheacht. http://www.peadaroriada.ie/
-
Mise Ciara - comhrá le Ciara Ní É faoin spreagadh a fhaigheann sí ó dhaoine agus ón nasc daonna.
19/02/2021 Duration: 32minFile, scríbhneoir & láithreoir teilifíse í Ciara a chumann filíocht dá-theangach a spreagann machnamh agus féin-fheasacht doimhin. Tá spreagadh sa mhéid atá le rá aici linn agus don glúin atá ag fás aníos.
-
Dóchas, dearfacht agus oidhreacht. Comhrá le Dónal Ó Laoire, Béal Átha’n Ghaorthaidh
11/02/2021 Duration: 34minMúinteoir eolaíochta é Dan atá ag cur faoi i mBéal Átha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí. Roineann sé cuid des na nósanna dearfacha laethúla atá aige maraon leis na luachanna a thugann fuinneamh agus dóchas dó.
-
“Sláinte chugatsa agus breis agus sláinte chugamsa leis!”
06/02/2021 Duration: 38minAn dtógann tú do shláinte dáiríre nó an athsmaoineamh (afterthought) é? An dtarlaíonn do nósanna sláintiúla trí sheans nó d’aon ghno? An cineáltas is fearr gur féidir a leiriú duit féin ná aire a thabhairt dod’ shláinte intinne agus coirp. Nutrition Facts (Michael Greger M.D.)
-
'Anseo?' Níl againn ach an mhóimint. Níl againn ach anois. Bímis anseo le taitneamh a bhaint aisti.
04/02/2021 Duration: 16minTá imní orainn agus níl a fhios againn cad ina thaobh. Táimid buartha faoin méid a tharla inné. Faoin gcruinniú atá againn amárach. Faoin aimsir don deireadh seachtaine. Nuair a bhímid gafa le tuairimí nó buairt nó ábhair mhóra an tsaoil, bímid in áit éigin eile - san aimsir chaite nó sa todhchaí. Ach, ní bhímid 'anseo.' 'Anseo' ar Spreagadh
-
“Fan sa nóimeat!” Liadh Ní Riada ag plé cleachtais agus nósanna dearfacha an tsaoil.
30/01/2021 Duration: 37minIs as Cúil Aodha do Liadh Ní Riada agus is Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí faoi láthair í. Tá sí pósta le Nicky agus tá triúr clainne acu. Is iar-fheisire Eorpach í agus tá dearcadh an-dearach aici ar na dúshláin a chuirtear ina treo agus na constaic a bhíonn sa tslí orainn sa saol. Comhrá luachmhar, spreagúil. Bainigí taitneamh as!
-
Faoi Bhláth nó ag Fulaingt?
28/01/2021 Duration: 24minTarlaíonn fulaingt nuair a cheapann tú gur chóir go mbeadh rud amháin agat agus faigheann tú rud eile, níos measa, ina ionad. Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár dtuismitheoirí, ach ní féidir. Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár gcairde, ach ní féidir. Ba chóir go mbeimis in ann freastal ar an scoil, an ollscoil, ar obair, ach ní féidir. Faightear fulaingt sa spás idir ionchas (expectation) agus réaltacht (reality). Tá réiteach ar an bhfulaingt san aigne. Tá an réiteach agat féin.
-
Sonas sa Chairdeas - Ar scáth a chéile a mhairimid. Táimid ag brath ar a chéile le bheith sona.
26/01/2021 Duration: 15minLéiríonn an taighde go mbíonn daoine sásta agus sona má chaomhnaíonn siad cairdeas go fadtéarmach. Tá tábhacht faoi leith leis an gcairdeas idirphearsanta anois agus sinn scartha amach óna chéile. Ach, is feidir linn teagmháil a dhéanamh lena chéile. Is feidir linn cairdeas a chaomhnú. Agus a bheith sona. Spreagadh Taighde Harvard Lost Connections - Johann Hari
-
Féin-fheasacht, buíochas & cairdeas. Comhrá le Páidí Ó Lionáird.
25/01/2021 Duration: 37minIs craoltóir aitheanta teilifíse agus raidió é Páidí. Sa chomhrá seo, labhraíonn sé faoin bhfuinneamh a fhaigheann sé ó bheith ag déileáil le daoine, na nósanna laethúla atá aige ar nós snámh farraige agus an oidhreacht a thug sé leis ón dteaghlach i gCúil Aodha.
-
Plé le Tré - Comhrá le Toirdealbhach Ó Lionáird faoi dúshláin, dearfacht & dea-nósanna.
24/01/2021 Duration: 29minIs Príomhoide iar-bhunacoile é Toirdealbhach Ó Lionáird i gColáiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí. Is scríbhneoir, léitheoir, taighdeoir agus oideachasóir é. Pléitear an tábhacht atá le rithim an lae, nascadh le daoine, luachanna pearsanta a aithint agus a bheith macánta leat féin. Bíonn cúpla gáire againn chomh maith! Bainigí taitneamh as.
-
Dáithí ÓSé ag comhrá faoin méid a spreagann é.
23/01/2021 Duration: 24minComhrá taitneamhach, tairbheach ina bpléitear bá, dóchas agus dearfacht. (Titeann caighdeán na fuaime i dtreo an deireadh. Mo leithscéal faoi seo.)
-
Spreagadh, Snámh, Buíochas Gach Lá
18/01/2021 Duration: 16minComhrá le Sláine Ní Chathalláin faoi na nósanna dearfacha laethúla a thugann fuinneamh agus spreagadh di.
-
Fallaí Imní
14/01/2021 Duration: 09minTá nósanna cruthaithe againn leis na mothúcháin a choimeád faoi cheilt - imní san áireamh. Tá fás, forbairt & saoirse ar fáil ach iad a bhriseadh.
-
“Bí dílis duit féin.”
11/01/2021 Duration: 12minComhrá le Clíodhna Ní Cheallacháin faoin tábhacht a bhaineann le bheith dílis duit féin sa saol.
-
Fadhb ar Bith!
10/01/2021 Duration: 07minBíonn fadhbanna againn go léir - gach lá! Conas a bhraitheann tú faoi na fadhbanna seo?
-
Déan Nós agus Bris Nós
05/01/2021 Duration: 17minIs toradh carnach é do shaol ar na nósanna laethúla atá agat. Tabhair aird ar na nósanna sin.